Amharc… Sléibhte folamh. Níl duine amhain anseo. Ach – Eist! – Macallaí de daoine…Ciúin. I bfad ar shiúl. Faire. Solas na gréine ag filleadh, ag tóraíocht trí an choill. Feic… Caonach glas dorche, geal arís, ó thuas
Sonya Friel
Tógadh mé faoin tuath in Éirinn, tír an phortaigh ghlais agus tír na macallaí teanga atá ag fáil bháis. Nuair a léigh mé saothar Wang Wei, bhí suim agam ann mar bhí na focail go hálainn, d’ainneoin na mblianta ina ndearnadh aistriúcháin agus athruithe. Déanaim iontas den dán, Páirc na bhFianna; cailleadh an dán agus tá na haistriúcháin nua bunaithe ar chóip scríofa naoi gcéad bliain i ndiaidh an bhunaidh. Thaitin an pictiúr liom mar gheall ar na tagairtí do dhúlra atá i bhfolach i measc na línte, agus bhí mé líonta le cumha. Bhí sé ag an am seo gur thuig mé go raibh gátar agam an píosa mealltach seo a dhéanamh arís i dteanga a d’aithin mé: an Ghaeilge – teanga mo bhaile.
Chun an t-aistriúchán seo a dheánamh, ar dtús léigh mé roinnt aistriúchan Béarla ar dhán Wang Wei. D’úsáid mé iad chun mo leagan féin a chumadh, agus ina dhiaidh sin d’aistrigh mé é go Gaeilge. Bhí sé deacair na focail chearta a fháíl, agus in amanna bhí orm do mo leagan Béarla a athrú sa dóigh go mbeadh sé níos fusa é a thuscint i nGaeilge.
Ba thaithí nua domh píosa litríochta mar seo a aistriú agus bhain mé a lán suilt as. Táim sásta leis an toradh, agus tá mé bródúil é a roinnt. I mo bharúil féin, is ionann an dán an tír is dúchas dom, agus oibríonn solas na gréine mar shiombal de fhilleadh na teanga caillte chun an chultúir a bhí á chur faoi chois. Is siombál dóchas é, agus is onóir domh é a thaispeáint do mo chomhthírigh.